home Gaeilge Yvonne Ní Chonchubhair: Cailín ó na portaigh go laoch na filíochta.

Yvonne Ní Chonchubhair: Cailín ó na portaigh go laoch na filíochta.

“Tar isteach, a stór,’’ a chloisim ón tseomra suí, an guth íseal ag teacht tríd na painéil ghloine ar an sean-doras. Tá stair ag an tigh seo, is féidir na scéalta a bhrath ó na fallaí.

Tá Yvonne ina haonar sa tigh anois, agus tá sé deacair a chreidiúnt go mbíodh aon duine dhéag suite sa tseomra seo chuile oíche, tráth.

“Tháinig mé ar an bpictiúr so le déanaí,’’ arsa Yvonne, agus an grianghraf ina lámha aici. Tá sí le feisicint ann, í sé bliana d’aois, i ngúna galánta.

A Céad Chomaoineach a bhí ann. ‘Bhí gliondar ar chách an lán san,’’ a deir sí. “Tháinig comharsa, a bhí tar éis tréimhse a chaitheamh i Nua-Eabhrac, chun mo ghrianghraf a ghlacadh lena ceamara; an t-aon cheann sa bhaile! Seoladh mé chuig teach na gcomharsan ionas go mbeidís in ann súil a chaitheamh ar mo chuid ‘stíle’’’.

“Antics péacóga a bhí ar siúl agam an lá san, i ndáiríre, ach bhíos ar bís le mo bhróga nua, agus iad ag glioscarnach fén ngrian. Táim fós ar buile nach féidir iad a fheiscint sa phictiúr san!’’ a deir sí, agus í sna trithí ag gáire.

“Fuaireas 6 pingin ó mo sheanathair. Cheannaíos buidéal liomanáide agus paicéad brioscaí. Tháinig mé amach as an tsiopa le 3p de shóinseáil, samhlaigh é!’’

D’fhás Yvonne aníos i gCluain Leisc, Suí an Róin, Contae Uíbh Fháilí, agus cuimhníonn sí go maith an saol a bhí aici ann.

 

“Chaitheadh m’uncail cóip den Independent isteach sa ghairdín gach maidin ón traein; an chéad chóip sa bhaile. Bhailíodh na comharsan go léir inár dteach chun nuacht an lae a fheiscint- is cuimhin liom scéalta fé de Valera sa Dáil.’’

 

“A new tune took flight, out the window, into the bleak bog night…’’

Sliocht as dán de chuid Yvonne

Tháinig Yvonne go Corcaigh i ndiaidh an chogaidh. Bhuail sí lena fear chéile i bpáirc spraoi i dTiobraid Árann agus í ceithre bliana déag d’aois. Phósadar i gCorcaigh agus bhí naonúr clainne acu.

“Bhí muintir na tuath an-mhaith dom i gcónaí,’’ arsa Yvonne. “Thagaidís ar cuairt le húlla agus málaí móna ón bportach dom. Tá a lán dóibh tar éis bás a fháil, áfach, agus braithim uaim go mór iad.’’

Tá Yvonne dóchasach fé thodhchaí na teanga. “Ní hamháin go bhfuil sí beo- tá sí ag fás. Tá níos mó suime sa teanga anois ná mar a bhí riamh i mo shaol. Tá grá ag daoine dá teanga dhúchasach.’’

Níor thosnaigh Yvonne ag scríobh nó ag péintéireacht go dtí go raibh sí ina daichidí. “B’iad Yvonne agus Conchubhair an bheirt dheireanach a bhí agam, agus ba chúpla iad,’’ arsa Ní Chonchubhair.

“Sin as ar tháinig an t-ainm cleite atá agam. Nuair a shiúladar amach an doras ar a gcéad lá scoile, fuaireas an clóscríobhán, agus thosnaíos ag scríobh don chéad uair.’’

Foilsíodh dhá bheart filíochta de chuid Yvonne agus bhí a cuid scríbhneoireachta le feiscint i leabhair agus nuachtáin ar fud na tíre. “Bhíos bréin dom fhéin théis tamaill!’’ a deir Ní Chonchubhair, agus í ag sciotaráil.

Bhuaigh Yvonne an oiread sin duaiseanna le linn a saoil nach bhféadfaí iad go léir a lua, ach ina measc bhí 13 bronnaire ón ICA, mar shampla cinn don iriseoireacht, don fhilíocht agus dá staidéar ar an nádúr.

“Bhí an nádúr i gcónaí le feiscint i mo chuid scríbhneoireachta. Ag fás aníos fén tuath bhínn ag piocadh sútha talún, agus ag súgradh sna goirt ó cheann ceann an lae. Tá áit lárnach ag an nádúr i m’anam agus i m’ealaín’’

“Bímse i gcónaí i mbun léitheoireachta. Is aoibhinn liom a leithéid de Shakespeare, Kavanagh agus Keats- agus foghlaimím focail nua uatha i gcónaí!’’

Tá luí na gréine ag lonrú an tseomra anois, agus tá sé beag nach in am don Nuacht i dTigh Uí Chonchubhair.

“Cén phleananna atá ag Yvonne Ní Chonchubhair anois?’’ arsa mise. “Rachaidh mé aon áit gur féidir liom i mo chathaoir rotha!’’ a fhreagraíonn sí, a haghaidh lonraithe ag an ngrian íseal.

“Chuas chuig Féile an tSnagcheoil le déanaí agus bhí sé sin ar fheabhas. Tá go leor ionspráide agam fós do mo chuid scríbhneoireachta. Agus tá clann ollmhór, iontach agam. Táim chomh bródúil astu.’’

“Aon teachtaireacht dos na léitheoirí?” arsa mé féin.

Casann sí agus féachann sí díreach isteach i mo shúile;

“The least said is the easiest mended. Fan ar thaobh an tsíocháin i gcónaí.’’