home Gaeilge Úna-Minh Kavannagh: Aoí Fé Agallamh

Úna-Minh Kavannagh: Aoí Fé Agallamh

Writes Hugh O’Reilly Fitzgerald – Irish Editor

Iriseóir agus guth láidir i saol na Gaoluinne ar líne is ea Úna-Minh Kavanagh. Rugadh in Hanoi,
Vítneam í i 1991 ach is cinnte gur Ciarraíoch í tríd tríd. Uchtaíodh í agus í sé seachtain d’aois
agus thug a máthair singil cróga abhaile í go Trá Lí, an áit ina fhoghlaim sí a teanga
máithreacha, an Ghaoluinn. B’in í an Ghaoluinn teanga an tí de dheasca an áit as a tháinig a
seanathair: Báile na nGall i gCorca Dhuibhne. Scríobh sí leabhar le déanaí agus tá sí an-ghafa
leis an gcuir chun cinn atá i gconaí bainteach le seoladh leabhair. Thóg sí ábhairín ama amach
as an sceidil gnóthach atá aici na laethanta san chun cainte liom.

Chuireas ceist uirthí i dtosach báire fén leabhar. “Tá ag éirí go maith leis” a d’inis sí liom “Ní
raibh ach trí mhí agam chun é a chur le chéile agus bhí ana-bhrú orm, ach bhaineas go leor sult
as.” Fiú má’s rud é nach raibh ach trí mhí aici is léir go bhfuil an-chuid molta tuillte aici sa
thréimhse gairid atá sé tar éis a bheith á dhíol. Fuair sí cuireadh chun labhairt ag an gCéad
Féile Litríochta thiar sa Daingean i mbliana. Is cinnte gur phróiséas faidéalach a bhí ann, ach
dhein sí an beart “Tá foighne de dhíth faoina choinne agus caithfidh tú aird choinneáil ar an
ngnó.”

Bhí óige suimiúl aici cinnte dearfa ag fás aníos i dTrá Lí mar dhuine ó chúlra
neamh-thraidisiúnta Éireannach: “Nuair a bhíos níos óga, cinnte sheasas amach i dTrá Lí” a
mhínigh sí dom “uaireanta bhí san deacair domsa a thuiscint toisc go rabhas, i mo thuairimse,
cosúil leis na leanaí eile ar scoil. An t-aon difríocht ná gur duine de dhath mé.” D’fhreastal sí ar
scoil lán-ghaeilge i dTrá Lí agus b’in í an t-aon dalta amháin le craiceann donn, rud nár chur
isteach nó amach uirthí formhór an ama.“Do chualas rudaí amaideacha cúpla uair fé mo shúile
nó caiteadh maslaí cine sa chlós ach bhíos in ann déileail leis.” D’éirigh sé níos measa nuair a
bhog sí go Baile Átha Cliath, a dhúirt sí liom, agus tá sé deacair di bun nó barr a dhéanamh
de toisc go bhfuil “sochaí ina bhfuil éagsúlacht chultúrtha againn anois in Éirinn.” Cíonn sí gan
agó go bhfuil “cloch sa mhuinchille ag [lucht an ciníochais] do dhaoine cosúil liom fhéin atá
‘difriúl’.” Is léir go n-éiríonn sí bréan dos na ceisteanna uilig féna féiniúlacht agus den ciníochas
leis. “Ídíonn sé an neart atá sa chorp” a ádmháileann sí.

Gan amhras, tá sár-obair á dhéanamh ag Úna-Minh ó thaobh na Gaoluinne de comh maith. Is
bhean mhór cluichí ríomhaire í, agus ‘sé an rud a dheineann sí ná go mbíonn sí ag
beo-chraoladh na cluichí agus í ag imirt thairis suíomh darbh ainm Steam. Is í Úna-Minh an
t-aon dhuine amháin atá a dhéanamh i nGaoluinn binn um an dtaca seo. “Chonacthas nach
raibh éinne ag beo-chraoladh ar Twitch I nGaoluinn” a dúirt sí liom “agus mar sin dheineas an
cinneadh chun trial a bhaint as.”

Bíonn líon mhór dhaoine ag faire ar na ‘streams’ a dheineann sí, agus is léir gur slí éifeachtach
é an Ghaoluinn a chur chun cinn.” Ba mhaith leithí nithe a bhaineann leis an nua-aois agus an
teicneólaíocht a chur amach ar líne as a teanga dúchas chun rudaí a chur le fáilt don ghlúin óg,
is fiúntach é, dar leithí “fiú muna bhfuil toradh le feiscint ar dtús.”
Cruthaíonn Úna-Minh físeáin leis ar Youtube a bhaineann le ábharacha éagsúla ar nós an
íostachais agus sealgaireacht feamainne. Is é an sprioc atá aici “stuif neamhghnách a chruthú”
atá suimiúl do líon leathan daoine ó chúlraí difriúla.

Tá blag iontach taistil aici lena máthair, ina léiríonn an beirt acu conas taisteal go héifeachtach,
ó thaobh an airgid agus an ama de. Tá meas an-mhór ag Úna-Minh ar an sean-dhream, a
máthair agus a seanathair ach go háirithe. Nuair a cheistíos fé na rudaí a d’fhoghlaim siad
uathú beirt, d’inis sí liom go raibh “ceann dos na ceachtanna is tábhachtaí” a d’fhoghlaim sí
uathú “ná gan a bheith chomh dáiríre píre fé gach uile rud.” Mhínigh sí nach “gá dhuit é a ligint
fén gcroí ort” agus “bíodh meas agat ar do cheannsa