home Gaeilge Uasdátύ na Breatimeachta

Uasdátύ na Breatimeachta

Ní éasca an rud é scríobh mar gheall ar Bhreatimeacht, mar is rud í a n-aithríonn gach
lá. Mar san is grianghraf é an t-alt a leanann den phraiseach mar a bhí sé ar an lá a sheol mé
an airticil so chun a bheith clóite. Le san ráite, caithfidh mé aghaidh a thabhairt do Pharlaimint
na Breataine ag Westminster, agus í tar éis a bheith díscortha. Nith atá cinnte dearfa in éadan
le daonlathas iartharach mar a thuigimid é, dhein Boris Johnson (Taoiseach an Ríocht
Aontaithe) cinneadh an Parlaimint a díscor ón Naoú lá de mhí Mheán Fómhair. Agus lá na
cinniúna ag druidim leis an Ríocht Aontaithe, is dáinséarach an rud é stop a chur leis an
díospóireacht a bhí ag dul ar aghaidh sa pharlaimint ar téarmaí na Breatimeachta. Dar le
Johnson tá sé ag obair ar son an phobail ach tá an tromlach caillte aige le laethanta anuas ón
am a thug sé bata agus bóthar dos na ‘reibiliúnaigh’ a chaith vóta i ndiaidh an partaí.

Is cúis bhrón dom é go bhfuil rialtas na tíre san ag dul go hiomlán i gcoinne na
noirm mar gheall ar an slí ina oibríonn an córas mar a thuigimid é. Ba bheag nár amhlaidh dúinn
in Éirinn má fágann siad gan cúlstad nó gan margadh ar bith a bheith ann, agus is thar a bheith
díomách an rud é an easpa díospóireachta atá ann a fheiceáil. D’fhéadadh sé a bheith ina
tubaiste dar liom má dheintear na cinnithe gan morán ceapadh tugtha dόibh.