home Gaeilge Slán Tamailín

Slán Tamailín

Bhuel leads, tá deireadh tagtha lenár gcuid am le chéile. Táim croí bhriste i ndairire, go huile agus go hiomlán croí bhriste. Ó a ghlacas le mo phost anseo leis an Express mar Eagarthóir Gaeilge, thit mé i ngrá leis an iriseoireacht agus chuile saghas scríobhneoireachta trí mhéan na nGaeilge. N’fheadar an bhfuilim in ann a rá go bhfuil clann socar, normálta agam ach leis an Express, mothaím go bhfuil clann agam – cé nach bhfuilimid gaolta, clann is ea muid. Thit mé i ngrá leis an saol seo go léir – mar Eagarthóir, mar chuid den fhoireann Express agus nílim réidh leis an saol seo a fhágaint go fóillín (nó go deo)

Nílim in ann cur síos a dhéanamh ar an mbliain seo ach mar rud amháin – rollcóistóir. N’fheadar an mbeadh a fhios ag an tromlach agaibh ach chaith mé an samhradh seo caite i mbun oibre i Madrid. Ní rabhas ró shásta i’m féin roimh dom imeacht ach nuair a d’fhill mé abhaile is ar nós go raibh athbheochan nó caochlú 180 tar éis tarlú. Bhíos sásta i mo chorp féin, le mo phearsantacht féin, d’oirigh an slí bheatha, na daoine, an teanga agus an cultúr thall mé,ar nós Cinderella agus a bróg gloine. Nuair a tháining mé abhaile, ar ais i dteach mo thuistí, ar ais sa choláiste, ar ais go dtí mo phost páirt-aimseartha, chaill mé an spriod and an grá a raibh mé tar éis a aismiú thall. Chaill mé é go sciopaí. Bhíos líonta le brón agus uaigneas i ndiaidh an áit a ghlaos “baile” ar ar faidh an tsamhraidh. Bhíos líonta le frustrachas gur tháinig mé abhaile go dtí an craic céanna.

Roimh dom bogadh go dtí an Spáinn, bhuail mé le Rob, Eagarthóir an Express. Thairscigh sé an phost seo dom agus beidh mé de shíor tuilteannach dó, go deo na ndeor. Ag an tús ní rabhas ró sceitimíneach faoi de bharr nár thug mé go huile agus go hiomlán na buntaistí a bhaineadh mé amach ó an cinéal post seo a ghlacadh. Thall sa Spáinn, bhí sé i’m aigne an t-am ar fad – an mbeadh mé in ann chuile duine a shású, an mbeadh mé in ann an oiread sin focail a thargaint chuile coicís?

Thréig mé mo chuid Gaeilge agus mé sa Spáinn – níor theastaigh aon ceangal nó nasc uaim a chuireadh mo bhaile i gcoinne dom. Duine anaithnid ab ea mé – agus thaitin sé liom. Ach tá an post seo tar éis mo ghrá don teanga, agus tuigim an tabhacht a ghabhann len í a threisiú agus a chaomhnú anois. Ní teanga ar nós aon teanga eile is ea í – tá an oiread sin stair agus ársacht inti, nílimid in ann dul sa seans ar í a chailliúnt go deo, mar leaids, ní bheidh Cumann na nGael ann an am seo chun í a shábháil. Gabhann an fhreagracht le chuile glúin agus b’éigin do chuile glúin í a threisiú, a scapadh, agus go príomhúil – a úsáid.

Le linn na bliana, bhí mo bhuachphointí phearsanta agam, agus bhí mo bhunphointí comh maith. Ar nós chuile ógánaigh eile. Ach ag deireadh na seachtaine agus ag deireadh an lae, bhí mo phost mar Eagarthóir Gaeilge i gconaí anseo dom, chun faoiseamh a ghlacadh, éalú ó stros an gnáthshaol laethúil.Tuigim nach bhfuil mo Ghaeilge foirfe, ach nuair a táim i mbun m’oibre, tugaim neamhaird ar sin. Chuirim ceol ar siúl, ullmhaím cupán caifé dom féin agus tosnáim ag scríobh. B’fhearr liom píosaí ar nós é seo a scríobh, píosaí pearsanta nó píosaí nach gá an oiread sin taighde a dhéanamh. É sin ráite, is aoibheann liom píosaí nuachta, agus go háirithe píosaí nuachta as Gaeilge – nuair a nach bhfuilim in ann iad a scríobh 😉

Mo bhliain Erasmus is ea é an bhliain seo chugainn agus táim ar bís. An uair seo nílim ag éalú ó faic. Tá mo chlann agam, mo chairde agus mo bhuachaill cara. Táim níos cróga, níos láidre ó thaobh mo sláinte intinne de, níos sásta i ngach gníomh de mo shaol. Táim ar bís taisteal, chun m’arasán féin a bheith agam (thar lear!!!!!!!!), chun a bheith mórthimpeall daoine nach bhfuil Béarla acu agus cultúr difriúil. Táim ag tnúth leis an athrú ach braithfidh mé uaidh Éire an uair seo. Tá sé sin in easnamh uaim – ní thuigim cé chomh luachmhar is atáim leis an saol atá my thuistí tar éis a chruthú dom agus go bhfuilim tar éis a oibrú de. Eachtra ceart atá i gceist.

Ach ní bheinn an duine atáim i láthair na huaire gan an Express – agus níl ansin ach an fhírinne. 

Tá an Express tar éis me a fhorbairt, a thacú, a bhrú chun mo chéad dhícheall a dhéanamh agus beidh mé ar ais. Níl an Gaeilbeour críochnaithe go fóill. Nílim réidh le slán a fhágail leis an Express, agus dá bhrí sin, nílim chun slán a fhágail, ach slán tamaillín 😉

Más rud é go bhfuil suim agaibh san iriseoireacht, agus go háirithe san iriseoireacht trí mhéan na Gaelinne, tapaigí an deis agus cur d’ainm amach san domhain iriseoireachta.

Mise le meas, grá agus huganna,
Aoife Nic Gearailt/Gaeilbeour <3