home Gaeilge Rófhada, róthapaidh

Rófhada, róthapaidh

File, fealsúnaí, scríbhneoir, agus fear gaoise ab ea John Moriarty, nach maireann. Bhí saol agus saothar an Mhuirtheartaigh fé chaibidil ag an Dochtúir Michael P. Higgins san aitheasc a thug sé uaidh sa chéad cheann de shraith léachtaí Quercus ar an 17ú d’Eanáir. Ó Ollscoil an Chroí Ró-Naofa, Connecticut, é an Dochtúir Higgins agus é ag gabháilt do thaighde ar an Muirtheartach le tamall anois.

Rugadh John Moriarty i Maigh Mheáin i dTuaisceart Chiarraí sa bhliain 1938.  Fuair sé a chuid oideachais i Lios Tuathail ar dtúis agus in COBÁC ina dhiaidh sin, mar a dhein sé staidéar ar an mBéarla is ar an bhfealsúnacht. D’oibrigh sé mar léachtóir i gCeanada sarar fhill sé ar Éirinn, mar ar fostaíodh é mar gharraíodóir i mainistir. Scrígh The Guardian ina thaobh go raibh sé inchurtha le leithéidí Beckett, Joyce, agus Yeats mar scríbhneoir.  

Foilsíodh raidhse leabhar leis thar na blianta, ina measc “Invoking Ireland”. Is sa saothar machnamhach seo a chuir sé an cheist seo a leanas: arbh fhéidir go bhfuilimid, mar thír, imithe rófhada, róthapaidh? Is é a bhí i gceist aige ná go bhfuil an-chuid Éireann athruithe feicthe sa tír seo againne le dhá chéad bliain anuas – meath na Gaoluinne, an t-iompú ón gcreideamh, agus a thuilleadh rudaí nach iad – ach go mb’fhéidir gur ghluaiseamar rómhear ós na traidisiúin seo is go bhfuilimid anois scoite amach ón dearcadh saoil a bhíodh ag ár sinsir. Oíche an léachta, d’inis an Dr. Higgins scéal a bhí ag an Muircheartach chun an méid seo a léirmhíniú. Seo a leanas mo leagan féin de:

“Bhí fear den chine geal ina chónaí san Afraic tráth, fear táchtmhar saibhir gustalach. Bhí feirm mhór aige agus go leor barraí ag fás ann, idir thabac is shiúcra, thae agus chaife. Pé scéal é do bhí fómhar fliúirseach aige an bhliain seo, agus do híreáil sé triúr fear ón dtreibh áitiúil chun lastas de thabac a thabhairt chun an chósta dó, agus eisean ina dteannta. Balcairí ab ea iad seo anois, iad go láidir tréan agus lánábalta ar mheáchan trom a iompar.

Seo leo ar aon chuma, agus moill ná cónaí níor dheineadar ach iad ag gabháilt an bhóthair chun na farraige ar luas lasrach. D’fhág seo go raibh leath an bhealaigh siúlta acu laistigh de sheachtain, nuair ba ghnáthach go dtógfadh a leithéid coicíos. Bhí an fear geal an-shásta leis seo dar ndóigh, mar theastaigh uaidh calafort a shroisint chun a chuid earraí a chur ar bord loinge a bhí ag triall chun na hEorpa. Ach timpeall an ama so do tháinig mar a bheadh támhnéal ar na fearaibh, iad ag dul níos moille in aghaidh an lae, go dtí sa deireadh gur shíneadar triúr i leataoibh na slí, gan iompar na gcnámh iontu.

Tiomáineadh an fear geal chun buile, ní nach ionadh, óir b’eagal leis ná sroisfidís an calafort in am is go gcaillfeadh sé a chuid airgid dá bharra. Ní fhéadfadh sé an an lagar a tháing ar na fearaibh a thuiscint. Cúpla lá ina dhiaidh sin do bhisigh an triúr agus bhíodar ar a seanléim arís. D’fhiafraigh an fear geal de dhuine acu cad ba chúis leis an eachtra. ‘Bhíomar tar éis taisteal rófhada róthapaidh’, arsa an fear, ‘agus b’éigean dúinn sos a thógaint chun ligint dár n-anamacha breith suas orainn’. Do chomáineadar leo i dtreo na farraige, agus ráineadar an calafort sarar sheol an bád.”

Déanaimis ár marana ar an scéal san ar feadh tamaill. Cén bhaint atá aige leis an lá atá inniu ann? Bhuel, d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuilimidne mar shochaí ar strae, go bhfuil mearbhall orainn. Gheobhfaí a rá go bhfuil an ceangal a bhíodh ag muintir na tíre seo leis an dtalamh briste. Cad iad comhathaí sóirt an ghalair seo, más ea? An t-athrú aeráide. Díothú na n-ainmhithe. Plá an phlaistigh. Bánú na mara.

Claochuithe iad seo a tháinig aniar aduaidh orainn, a tharla thar oíche geall leis, go háirithe nuair a chuimhníonn tú gur ann do dhaoine daonna leis na milliúin bliain. Agus cé ná fuilim ach ag tochtailt ina shaothar go fóillín, sílim go raibh teachtaireacht ríthábhachtach ag Moriarty: stadaimis ar feadh tamaill, féachaimis cad as a dtángamar is cá bhfuil ár n-aghaidh. Is ina dhiaidh sin a thuigfimid cár cheart dúinn dul.