Le Eagarthóir Gaeilge – Caitríona O’Connell
Grúpa banfhillí atá i gceist le Ó Bhéal na mBan agus iad ag scríobh trí mheán na Ghaoluinne. Thosnaíodh an grúpa i 2021 agus d’éagraíodar roinnt imeachtaí le haghaidh Poetry Day Ireland 2021. Tá rudaí nua ag teacht uathu go luath, coimeádaigí súil amach dóibh!
Tiarnaí Teanga
Le Aimée Ní Chonaing
Is muidne tiarnaí na teanga,
Cailleach ana clabarachta.
Tagann ár ndraíocht ó tobar na bhfocail.
Tríd na glúinte,
Trasna na gaoithe,
Ár sinséir ag cogair linne.
Is linne í,
Ta sé grannta inár gcroíche,
Stroiceann muid iad in airde daoibhse.
Ní chaithim mo scéalín ar sciathán mo gheansaí,
Ach ar leathnaigh bána macánta,
Na línte ag cothú mo ruin ar nós cairde.
Chan dubh agus bán amháin,
Tá míniú eile le haimsiú i dtobair m’fhocla domhain.
Comhrá faoi cheilt,
Na cogair atá againn.
Nuair a mhúchann na soilse
‘S muid inár luí.
Míníonn an pheann pian an cheann,
Agus cruthaíonn sé ealaíon álainn as.
Is muidne tiarnaí na teanga,
Is linne na focail ar ár leathanaigh bána.
Dánta Gailf
Le Ava Ní Loinsigh
Bíonn laethannta ann gur mhaith liom na leabhair sa leabharlann uillig a léamh,
An domhain a iniúchadh ó gach aon taobh,
Ba mhaith liom mo shaol a ciatheamh le gach duine is brea liom,
De bheith ag labhairt ‘s ag éisteacht, ag damhsa ‘s ag canadh (go donna), go deo,
Go mbeadh na daoine sin i gcónaí beo,
Ba mhaith liom gach duine agus rud a shábháil, na daoine breoite uaigneach nó bocht,
Na ghéarchéime uillig a réiteach, maireachtáil gan locht,
Ba mhaith liom gach teanga a labhairt, na teangacha comharthaíochta leo,
Iontas ar an saol laethúil, is féidir le gach cineál aimsire a bheith álainn an ghrian ag gobadh amach as ceo
Eispéiris mhóra agus beaga. Ba mhaith liom é a dhéanamh ar fad
Is é mo shólás amháin san fhoirm mharfach seo, agus b’fhéidir nach mbeadh am agam gach rud a dhéanamh, ná go bhfuil fhios agam
…Níor theastaigh uaim riamh in aon corr a bheith bainteach le galf!
Bláthscaoileadh
Le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin
Síol beag nár gineadh
Gníomh breá nár deineadh
Nó beatha a coscadh
Le frithghinniúint shaor.
Nuair a scaoiltear an bláth
Nuair a leathann an fhuil
Ní haon chúis ghoil í
Nár gineadh an ghin.
Mar nár chailleamair aon rud
Dhiúltaíomair deis
Tiocfaidh ceann eile
Is bláth eile leis.
Todhchaí ár dTeanga
Le Caitríona Ní Chonaill
Traidisiún ag fáil bás bagrach brónach
Faoi bhrú from the new,
Teicneolaíocht ag tabhairt buama ama don teanga,
Caifear coimed suas leis an seafóid sealadach
The loquacious lies we tell ourselves,
“I’d love to learn the language, but I don’t have the time”,
“I’m not fully líofa ,it doesn’t feel like mine”
A swirling cesspit of cacamais agus crá croí!
This is our native language and it belongs to you and me!
I refuse to let my teanga dúchais die,
Because some of ye were too scared to try.
Use your cúpla focail, don’t fuss over an urú.
“Nobody speaks it anyway” , Well we could start with me and you.
Cabhraigh le do chultúr, shur g’wan give it a go,
Úsáid do chuid Ghaoluinne agus úsáid é le bród.
“You don’t use it, you lose it”, it’s an awful price to pay.
Is linn go léir an Ghaeilge agus is féidir é.