home Gaeilge Múinteoirí agus na Meáin Shóisialta – Áis Foghlama nó Féiníní amháin atá i gceist? Le Kate Fleming

Múinteoirí agus na Meáin Shóisialta – Áis Foghlama nó Féiníní amháin atá i gceist? Le Kate Fleming

Nuair a smaoinítear ar an ullmhúchán a bhaineann le scrúdú na hArdteiste, nó le scruduithe na hOllscoile, samhlaítear gur drochrud é a bheith gafa le Snapchat agus Instagram agus tú i mbun staidéar. Bheadh an tuiscint ann i measc an phobail go gcuireann na meáin shóisialta isteach go mór ar dhaltaí agus a gcuid oibre, agus gur cur amú ama é a bheith ag féachaint ar an bhfón póca nuair atá carn oibre le déanamh agat. Bhuel, tá athruithe ag teacht ar an scéal sin, agus níl aon dabht faoi sin. Tá saghas réabhlóid oideachasúil tar éis tarlú, agus ní mór duit logáil isteach ar Instagram chun na fianaise a fheiceáil duit féin. Bhí an deis agam bualadh le Michelle Ní Mháirtín chun an t-ábhar spéisiúil seo a phlé, agus léargas a fháil ar cad é go díreach atá ar siúl aici ar líne. Is múinteoir meánscoile í Michelle, ach ní hamháin go mbíonn sí ag múineadh na Gaeilge sa seomra ranga; is sort “blogger” í Michelle chomh maith – cuireann sí ceachtanna agus scrúduithe ar fáil ar a leathnach Instagram. An t-ainm atá ar an leathanach ná “GripswitGaeilge,” agus tá thart ar 11,000 leanúnaithe aici go dtí seo. Tá aithne mhaith ar Michelle i gCorcaigh ach go háirithe, ach bíonn sí i dteagmháil le múinteoirí, daltaí agus Gaeilgeoirí timpeall na tíre tríd an aip Instagram. Obair dheonach atá ann, agus is cinnte go bhfuil morán á dhéanamh aici do stádas na Gaeilge – obair an-thábhachtach, gan amhras!

 

Nuair a shuíomar síos le chéile, cupáin tae ós ár gcomhair, is iomaí ceist a bhí agam di. Is bean gealgáireach, cairdiúil í Michelle, agus bhí a fíorghrá don teanga thar a bheith soiléir nuair a thosaigh sí ag caint liom. D’fhreastail sí ar bhunscoil Mhuire Gan Smal i nGlaisín, agus b’shin an áit ar thuig sí go raibh rud speisialta i gceist lenár dteanga náisiúnta. Cé nach raibh an Gaeilge á labhairt sa tigh, is cuimhin le Michelle go raibh an teanga an-láidir ar scoil, agus cuireadh an-bhéim uirthi. Bhíodh an Gaeilge á labhairt ann an t-am ar fad. Ansin, d’fhreastail sí ar Mheánscoil na Toirbhirte, Baile Feitheán, agus thuig sí rud éigin eile. “Sa mheánscoil, bhraitheas go raibh Gaeilge an-lag ag na daltaí nár fhreastail ar bhunscoil cosúil lem’ cheann féin, agus thuigeas ansin go raibh an Gaeilge go maith agam,” a d’admhaigh sí dom. Thóg sí an Gaeilge ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, agus bhí sí ar bharr an ranga i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge, agus ansin rinne sí máistreacht san aistriúcháin i nGaillimh. Chuir mé an cheist uirthi an fiú céim sa Ghaeilge a dhéanamh, agus d’fhreagair sí go tapa, “Ó, is fiú gan dabht!” Ansin, i ndiaidh di machnamh beag a dhéanamh air, dúirt sí go cúramach, “Ach ní mór duit a bheith go maith agus torthaí maithe a fháil sa chéim, mar tá sé ró-chúng…ní hé go bhfuil cuid mór roghanna agat i ndiaidh céim mar sin. Bheadh ort, i mo thuairimse, iar-chéim a dhéanamh i ngné éigean den Ghaeilge a thaithníonn leat agus dul ar aghaidh ar an treo sin.” Chomh maith leis an múinteoireacht, chaith Michelle seal sa Bhruiséal ag déanamh aistriúcháin.

Gan dabht, is bean ghnóthach í. Dár léi, is cosúil go bhfuil post sa bhreis i gceist lena ról ar Instagram, agus bhíos fiosrach faoin tslí a láimhseálann sí na cúraimí a bhaineann lena cuid oibre. Mhínigh sí dom go mbíonn teachtaireachtaí ó dhaltaí ag teacht isteach ó mhaidin go hoíche, agus gan amhras d’fhéadfadh éinne eirí gafa leis an bhfón sa chás sin. Bíonn uirthi a bheith dian uirthi féin, agus an aip a úsáid go cliste. “Ar maidin, bhféidir go gcaithfinn daichead nóiméad ar Instagram sula eiríonn m’iníon, agus ansin nuair atá sí ina luí arís téim thar n-ais agus freagraím na teachtaireachtaí,” a d’inis sí dom. Ba léir go raibh sé thar a bheith tábhachtach di nach mbeadh an aip ag cur isteach ar a cuid ama lena hiníon. Nuair atá sí ar scoil agus rang soar aici, ullmhaíonn sí ceacht gramadaí don leathanach Instagram, agus ansin beidh sé sin réidh don chéad uair eile a bhfuil ceacht ag teastáil uaithi. Is annamh a bhíonn am saor ag an mbean seo! Ní call a rá gur chóir do dhaltaí agus mic léinn a bheith dian orthu féin nuair atá siad ag baint úsáide as na meáin shóisialta agus iad i mbun staidéir. Is iomaí buntáiste a thagann leis an oideachas ar line, ach ní mór duit é a úsáid go críonna. Áfach, tá an cuma ar an scéal go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag braith ar na meáin shóisialta, agus go mbeidh ról tábhachtach acu amach anseo ag coimeád na teanga beo i measc daoine óga na hÉireann. “Gan amhras, tá na meáin shóisialta ag cabhrú go mór leis an nGaeilge,” a dúirt Michelle liom go cinnte dearfa. “Tá daoine ag teacht thar n-ais go dtí an Gaeilge, i ndiaidh dóibh post eile a dhéanamh ar feadh na mblianta. Feiceann siad go bhfuil an Gaeilge ar líne agus go bhfuil sí beo, agus bíonn siad ag iarraidh dul leis an nGaeilge arís.” Is léir ón méid sin go bhfuil idir óg agus aosta ag baint tairbhe as na leathanaigh trí mheán na Gaeilge cosúil le “GripswitGaeilge”– leathanaigh a gcuireann an teanga chun cinn, agus a dtugann beocht nua don teanga.

Ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh ar phróifíl Instagram Michelle chun an éifeacht agus an tairbhe a bhaineann leis a thuiscint. Clúdaíonn sí réimse leathan ábhair le soiléireacht agus le cruinneas, agus is áis den chéad scoth é atá ar fáil ar bharra do mhéar agat. Anuas ar sin, bíonn comórtais ar siúl aici go rialta, le nótaí den scoth ar fáil mar dhúiseanna. Is cinnte go bhfuil an áis nua seo thar a bheith úsáideach do dhaltaí meánscoile agus do mhicléinn na Gaeilge. Má tá tú ag streachailt leis na briathra, nó muna féidir leat bun nó barr a dhéanamh den tuiseal ginideach – nó bhféidir gur duine tú atá ag iarraidh tabhair ar ais ar an nGaeilge – is fiú go mór súil a chaitheamh ar cad atá á phóstáil ag Michelle ar Instagram. Mar a scríobhann Michelle mar chur síos beag ag barr a leathanach Instagram – “Gaeilge do Gach Duine!”