Friday, 23rd April 2021
  • Latest Issue
  • Submit An Article
  • Radio
  • Advertise With Us
  • Facebook
  • Twitter
  • Home
  • Latest Issue
  • News
  • Features
    • Features
    • Editorial
  • Opinion
  • Sports
  • Gaeilge
  • Music
  • Byline
    • Fiction
    • Humour
    • Gaming
    • Film & TV
    • Fashion
    • Food
  • About
    • About
    • Editorial Team
    • Our Sections
    • Latest Issue
    • Advertise With Us
  • Write For Us
    • Apply
    • How To
    • Submit An Article
  • Sexpress
    • Ask Sexpress
    • Sexpress Magazine
  • Radio
home Byline, Gaeilge Léirmheas Leabhair: Thirty-Two Words for Field  

Léirmheas Leabhair: Thirty-Two Words for Field  

By Contributor   Posted in Byline Gaeilge
Posted on March 3, 2021

A Scríobhann Lauren Ní Fhloinn

Fuaireas an leabhar “Thirty-Two Words for Field” le Manchán Magan don Nollaig (foilsithe ag Gill Books) agus bhíos ar bís chun é a léamh. Leabhar a phléann le saibhreas agus draíocht na teanga Ghaelainne atá ann, mar is léir ón teideal. Le clúdach crua faoi bhrat ealaíne Steve Doogan, is leabhar fíor mhealltach é, agus tá paisean ‘s gean an údair don teanga le brath  i ngach uile líne, is ar gach uile leathanch. Is scríbheoir é Magan, a bhfuil na scórtha cláracha  fáisnéise léirithe aige do TG4, RTÉ agus cainéalacha teilifíse eile. Tá roinnt mhaith leabhair foilsithe aige cheana féin, trí Bhéarla is trí Ghaeilge araon. 

Scríofa trí Bhéarla, chinntigh Magan go mbeadh idir Ghaeilgeoirí is Bhéarlóirí in ann sult a bhaint as an leabhar. Sin ráite amhlaidh, bhí sé spéisiúil dom feiscint cé mhéad focal do “field”  a bhí ar eolas agam (ní raibh ach cúig chinn luaite sa leabhar cloiste cheana féin agam!) Deis  iontach í chun fairsingiú a dhéanamh ar do réimse foclóra. Tá cló mór sa leabhar mar aon le  pictiúirí áille ag tús na gcaibidilí éagsúla. 

Ach ní leabhar foclóra amháin atá i gceist leis, i ndáiríre faightear samhail iltaobhaí den  teanga. Tá caibidilí a dhéileálann leis na cosúlachtaí idir an Ghaeilainn agus teangacha eile an domhain, agus tá caibidilí eile inar pléitear stair na teanga agus ina taispeántar macalla na Sean Ghaeilge sa Nua-Ghaeilge. Bhraith mé féin, cé nach raibh cur amach ar bith agam ar an Sean Ghaeilge, faoi dhraíocht an teanga aisteach seo, a bhí chomh cosúil, ‘s ag an am céanna, chomh  difriúil, do mo theanga fhéin. Tá rian láidir an bhéaloidis le feiceáil sa leabhar chomh maith,  agus léirítear dúinn go bhfuil snáithín an seanchais ársa, amhra seo, fite fuaite sa Ghaeilge a  labhraítear sa lá atá inniu ann. Le súil ghéar is féidir díchódú a dhéanamh ar rúin, stair ‘s scéalta  na tíre, tríd an teanga. Tugann sé tuiscint níos fearr dúinn orainn féin, ar ár ndúchas, ar ár n oidhreacht agus ar ár sinsir. 

Caithfidh mé árd-mholadh a thabhairt don leabhar seo. Cheapas go raibh saibhreas teanga faoi  leith bainte amach agam sa Ghaelainn, gur thuig mé cárbh as dom agus cárbh as don teanga,  ach tuigim anois go bhfuil an-chuid fós le foghlaim agam, ní hamháin ó thaobh an fhoclóra de,  ach ó thaobh fréamhacha deimhne na Gaeilge a sníonn siar trí stair na tíre seo ar feadh na  míllte blianta, ag cruthú nasc daingean, dobhriste idir sinne agus muintir na hÉireann sna  hamanna atá imithe thart. Braithim níos ceangailte ná riamh leis an teanga, leis an talamh seo  agus leis an bpobal Gaelainne. 

Share this:

  • Click to share on Twitter (Opens in new window)
  • Click to share on Facebook (Opens in new window)
  • Click to share on Google+ (Opens in new window)
  • Click to share on Reddit (Opens in new window)

Related

Search

You Might Also Like

Optimising Your Online Presence
Optimising Your Online Presence
  • Mar 30, 2021
On University
On University
  • Mar 30, 2021
#FixedIt: The Representation of Sexual Violence in the Media
#FixedIt: The Representation of Sexual Violence in the Media
  • Mar 30, 2021
The Disconnect, A Story of the Internet Sliced with Human Experience – An Interview with Roisin Kiberd
The Disconnect, A Story of the Internet Sliced with Human Experience – An Interview with Roisin Kiberd
  • Mar 25, 2021
Think Global Act Local
Think Global Act Local
  • Mar 18, 2021

Recent Articles

UCC elects first female SU President in 18 years
UCC elects first female SU President in 18 years
  • Apr 01, 2021
When All Is Said And Done
When All Is Said And Done
  • Apr 01, 2021
Thinking of: permanently residing at the Quad 
Thinking of: permanently residing at the Quad 
  • Apr 01, 2021
As the Audience Waits for the Final Act
As the Audience Waits for the Final Act
  • Apr 01, 2021
Eco-Sexuality: How to have sex with the Earth
Eco-Sexuality: How to have sex with the Earth
  • Apr 01, 2021
Theme by Evan Smith