home Gaeilge G’way ya cábóg! – Tionchar na Gaelainne ar Bhéarla Chorcaí

G’way ya cábóg! – Tionchar na Gaelainne ar Bhéarla Chorcaí

Le Seán Ó hUallacháin

Tuigimid uilig go rí-mhaith gur scaip an Béarla ar fud an domhain nuair a bhí impireacht na Breataine ag iarradh pobail áitiúla a chur fé chois. Mo léan, de dheascaibh thionchar na himpireachta agus cúrsaí staire i gcoitinne, fuair an Béarla an lámh in uachtar ar an nGaelainn i mbeagnach gach áit in Éirinn. B’fhéidir go bhfuil an Ghaelainn imithe ó chathair Chorcaí le fada, ó thaobh teanga mhór cumarsáide ar aon chuma, ach ní hé sin le rá ná bíonn cogar Gaelainne le cloisteáil go fóill ar bhéalaibh na ndaoine sa chathair. Sa liosta seo, caithfimid sracfhéachaint ar roinnt des na nathanna a úsáidimid i gCorcaigh a thagann ón nGaelainn. (Muna bhfuil tú i do Chorcaíoch ó dhúchas, beidh ort na nathanna seo a léamh i d’intinn mar dhuine des na Young Offenders)

To throw a stailc – Iasacht is ea an ceann seo, dar ndóigh. Tá cúpla brí ag an bhfocal seo sa Ghaelainn, ach sé is brí leis sa Bhéarla ná gearán nó tantrum. ‘Not to mind that he was snapping over the restaurant I picked, he threw a stailc then because they weren’t serving drink’.

To have a grá for – Ní Béarla Chorcaí é seo, ach Béarla na hÉireann. Iasacht díreach ón nGaelainn is ea an ceann seo aríst. Tá sé go deas simplí, grá a bheith agat do rud éigint, nó duine éigint. ‘She’s always had a grá for the portar!’

He’s a right cábóg – Duine dúr nó eejit ceart is ea cábóg. Ní bhíonn mórán céille ag na daoine seo, is deirimise leat go bhfuil neart cábóga i gCorcaigh! Úsáidtear an nath seo ar an gcaoi céanna go ndeirtear an focal ‘langer’, focal nach dtagann ón nGaelainn, gurb eol dom. Chloisfeá an ceann seo aríst is aríst eile agus tú i mbun cómhra le Corcaíoch. ‘In Cork he’d be known as a langer!’

To give the binoo – Beannacht atá i gceist le binoo. Meastar go dtagann sé ón nGaelainn ‘beannú’. ‘Give her the binoo and let’s bate home!.

Cawhake – Má chuireann tú an cawhake ar rud éigint, tá tú ag cur stop le cúrsaí. Síltear go dtagann an nath seo ón nGaelainn ‘cá théadh’, sa tslí is go ndéarfá le duine éigint cá bhfuilid ag dul. ‘The bouncer took my brother’s ID off me and that really but the cawhake on things’

To have mass in – Tagann an ceann seo ón bhfocal ‘meas’ agus an brí atá aige ná go bhfuil rud an-thábhachtach duit. ‘She has a lot of mass in it god love her’.

Pisawn – Ón bhfocal ‘padhsán’. Duine beag lag a bhíonn ag gearán fé chúrsaí an tsaoil an t-am ar fad. De ghnáth ní bhíonn an-mheas ag daoine ar thuairim an phadhsáin. ‘Sure don’t mind him, he’s only a pisawn’

To have a tuck in your heart – Ceann an-choitianta is ea ‘tuck’. Tagann sé ón bhfocal ‘tocht’. Is minic go gcloisfeá Corcaíoch ag caint fé rud a mhúsclaigh brón iontu agus lámh amháin fáiscthe lena n-ucht acu. ‘Jesus, did you see that aul fella on Nationwide talking about his wife who passed away? I actually had a tuck in my heart after it.’

Níl sa liosta seo ach cúpla sampla. Bíonn blúiríní beaga Gaelainne fós le clos ar bhruacha na Laoi, is cosúil. Fiú muna bhfuil fhios ag muintir na háite cad as a dtagann a gcuid saibhreas teangain. Le blianta anuas, feicimid go bhfuil níos mó suime ag daoine sa Ghaelainn ná mar a bhíodh tráth, daoine óga ach go háirithe. Mo chreac is mo chás, níl féidir le gach éinne dul thar n-ais chun an Ghaelainn a fhoghlaim. Ar aon chuma, is féidir linn na nathanna Gaelacha seo a choimeád beo inár gcuid cainte chun taispeáint do dhaoine go bhfuil ár dteanga fhéin againn, is nach amháin sa Ghaeltacht a mhaireann sí.