home Gaeilge Freagairt ar “Love/hate feelings for Gaeilge, minus the love”

Freagairt ar “Love/hate feelings for Gaeilge, minus the love”

A Dhéaglán, léas an talt a scrígh tú ar an 16ú de Dheireadh Fómhair agus níl fhéidfinn a shéanadh nár chuaigh sé i bhfeidhm orm. Nílim in ann mo chuid bhrón agus fhrsutrachas a chuir i bhfriotal maidir le cad a léighis ach táim chun m’iarracht is fearr a thabhairt ar é sin a dhéanamh.

A stór, rinne tú pointe do rud éigin a sheas amach dom féin, agus is dóigh liom go bhfuil rud éigin as rucht leis, dúireais, “How much our official attitude to the language says about so many other things that we do, or that we don’t do, or that we should do, and shouldn’t be doing.” N’fhéadar an dtugeann tú rud ar bith faoi theangacha – bíonn meon ‘is dearcadh difriúil ag chuile teanga is ag chuile cultúr faoin spéir. D’fhéadfá a rá go bhfuil eagsúlachtaí idir teangacha, ó thaobh a bpeirspectíochtaí de, agus aontóinn leat, gan dabht ar bith i m’aigne. Ach ní thuigeann sé an deis do duine ar bith faoin ngrian cultúr nó teanga a cháineadh agus a liobairt de bharr nach aontaíonn tú leis. Úsáideann teangacha éagsúla friotal éagsúil chun a radhairc dhomhanda a bhfriotalú. Nílimid in ann gearán a thabhairt ar na difríochtaí sna radhairc dhomhanda dhifriúla de bharr difríochtaí teangeolaíoch. Is dócha nach bhfuil meas agat ar an léargas seo a bhíonn ingréanta go smior is go deimhin i dteanga éagsúil, tréith tipiciúil d’aonteangach.

“Again I do not wish to deal directly with the arguments about Compulsory Irish, because I don’t believe there is any argument here.” Bhuel, táimse chun argóint a thabhairt agus a chruthú duit. Ceann dár dteangacga oifigiúila is é an Bhéarla agus an teanga eile is í an Ghaeilge – cén fáth nach mbeadh sí éigantach? Ní amháin ó thaobh cothromaíocht is ó thaobh chomhionannas, ach ó thaobh oideachas cruitheach agyus cruinn a thabhairt do daoine óga na tíre seo. Baineann paistí dhátheangach grádanna níos airde amach agus iad i mbun scrúdú. Bíonn siad in ann fadhbanna a réiteach níos tapúla agus teanga eile a chuir ar a dtoil i bhfad níos sciopaí ná páiste aonteangach. Moileann an dhátheangachas aon damáiste cognaíochta. Níl clú dá laghad agam i n dairire Déaglán, níl clú agam cad a rabhas ag iarraidh a chuir ina luí ar do leitheoirí, mar níor rinneais puinn ciall.

Bhuel, táim chun deireadh a chur le mo chuid cainte anseo a Dhéaglán, mar muna gcuirfinn críoch anois, ní chuirfinn stad in aon chor. Tá siúl agam go naimseoidh tú do chuid tírghrá go sciopaí, agus go réiteofar do chuid fearg maidir lenár dtír seoigh is lenár dteanga ársa.    

Mise le meas, Aoife Nic Gearailt

Léigh an t-alt bunaidh ar Independent.ie