Thursday, 19th May 2022
  • Latest Issue
  • Submit An Article
  • Radio
  • Advertise With Us
  • Facebook
  • Twitter
  • Home
  • Latest Issue
  • News
  • Features
    • Features
    • Editorial
  • Opinion
  • Sports
  • Gaeilge
  • Music
  • Byline
    • Fiction
    • Humour
    • Gaming
    • Film & TV
    • Fashion
    • Food
  • About
    • About
    • Editorial Team
    • Our Sections
    • Latest Issue
    • Advertise With Us
  • Write For Us
    • Apply
    • How To
    • Submit An Article
  • Sexpress
    • Ask Sexpress
    • Sexpress Magazine
  • Radio
home Byline, Gaeilge Fiche Bliain faoi Bhláth  

Fiche Bliain faoi Bhláth  

By Édith De Faoite   Posted in Byline Gaeilge
Posted on March 17, 2021

A Scríobhann Édith de Faoite, Eagarthóir Gaeilge 

Bhí mo bhreithlá ar an t-aonú lá is triocha de mhí na Nollag. Ar an lá sin, bhí bliain is fiche  slánaithe agam. Don lá ar fad, bhí mé ag smaoineamh ar an seanfhocal ‘fiche bliain ag fás, fiche  bliain faoi bhláth, fiche bliain ag cromadh agus fiche bliain gan rath’. Is ceart dom a rá go bhfuil  an seanfhocal seo ceart go leor domsa mar dhuine óg, ach níl sé ró-mholtach don té atá thar  daichead bliain d’aois! Is seanfhocal é a úsáidtear go minic sa Ghaeilge chun cur síos a  dhéanamh ar aoiseanna daoine mar tá nós sa Ghaeilge, mar aon le teangacha eile, fiche a úsáid  mar aonad comhairimh. Chaith mé tamall ag céistiú úsáid an uimhir fiche don seanfhocal seo.  Bíonn sé ráite i gcónaí go bhfuil críonnacht ag baint leis na seanfhocail – mar sin, cén fáth go  bhfuil fiche úsáidte chun saol duine a roinnt i bpíosaí? B’fhéidir go bhfuil rud éigin sásúil faoi an  uimhir fiche, ré-uimhir a bhfuil mór go leor, gan a bheith ró-mhór. 

Tá seans go bhfuil cloiste agat faoi an nath seo cheana má tá suim agat i litríocht na Gaeilge mar  tá leabhar leis an teideal ‘Fiche Bliain ag Fás’ ar cheann de na leabhair scríofa faoi shaol na  hoileánaigh ar na Blascaodaí. Scríobh Muiris Ó Súilleabháin an leabhar úd. Sa leabhar luann sé  an seanfhocal agus an slí inar mhínigh a sheanathair é dó. Tá an teideal thar a bheith oiriúnach  don leabhar mar, nuair a bhí Muiris ina bhuachaill óg ar an oileán, bhí sé ina chónaí i dteach  lena athair agus lena sheanathair. Mar sin, bhí na daoine ina theach go léir i gcéim dhifriúil sa  saol, agus i gclásal difriúil sa sheanfocal chomh maith. 

Is deacair a shamhlú go bhfuil bliain beagnach imithe tharainn agus muid faoi dhianghlasáil, nó  ar tí dul faoi dhianghlasáil, nó ag caint faoi dhianghlasáil. Nuair a shroich mé fiche bliain d’aois,  agus bhí mo fhiche bliain ag fás curtha isteach agam, bhí an todhchaí lán le dóchas agus  féidearthachtaí agus bhí mo shaol ag bogadh le fuadar. Shamhlaigh mé mo shaol agus mé ‘faoi  bhláth’, mar, de réir an seanfhocail, agus beagnach gach duine, is iad na fichidí ar chinn de na  blianta is fearr i saol an duine. Faraor, níl an ráiteas sin fíor dom faoi láthair, ach tuigim go bhfuil  cúinsí eisceachtúla i gceist agus ní hé mar seo a bheidh mo fichidí ar fad.

Ceapaim go bhfuil gach duine ar comhthuiscint maidir leis an mbliain atá thart – gur d’imigh sé  go mall agus gan fuadar, ach ag an am céanna, chuaigh an bhliain go tapa. Is cosúil go raibh an  cnaipe sosa brúite agus cuireadh stop lenár saoil. An t-am ar fad, an bhliain sin ar fad, chaith mé  mo chuid ama ag caoineadh na míosa a chaill mé. Nuair a cheart dom a bheith ag déanamh na  rudaí a dhéanann daoine óga agus iad ‘faoi bhláth’, bhí mé sáinnithe i seomra leapa m’óige, gan  chéad agam dul níos mó ná cúig chiliméadar ó mo theach. Tá sé deacair glacadh leis an  bhfírinne shearbh – nach bhfuil mé féin agus mo shaol faoi bhláth i láthair na huaire. 

Ag deireadh an lae, níl ach bliain imithe as an bhfiche atá agam chun a bheith faoi bhláth. Nuair  a smaoiním air, b’fhéidir sin a raibh i gceist ag na daoine a chum an seanfhocal seo – ní thógann  drochbhliain amháin ón am ar fad atá agam chun a bheith faoi bhláth, agus b’fhéidir é sin an  chríonnacht atá uainn sa lá atá inniu ann.

Share this:

  • Click to share on Twitter (Opens in new window)
  • Click to share on Facebook (Opens in new window)
  • Click to share on Google+ (Opens in new window)
  • Click to share on Reddit (Opens in new window)

Related

Search

You Might Also Like

The Great Escape
The Great Escape
  • Mar 31, 2022
A Letter to My First Year Self
A Letter to My First Year Self
  • Mar 31, 2022
The College Experience – Sarah O Mahony 
The College Experience – Sarah O Mahony 
  • Mar 31, 2022
Apps and Healthcare
Apps and Healthcare
  • Mar 15, 2022
In Conversation with Neurodiversity Society
In Conversation with Neurodiversity Society
  • Mar 15, 2022

Recent Articles

Áras Uí Thuama – Gaeltacht na hOllscoile
Áras Uí Thuama – Gaeltacht na hOllscoile
  • Mar 31, 2022
The Great Escape
The Great Escape
  • Mar 31, 2022
A Letter to My First Year Self
A Letter to My First Year Self
  • Mar 31, 2022
Farewell Cakes 
Farewell Cakes 
  • Mar 31, 2022
The College Experience – Sarah O Mahony 
The College Experience – Sarah O Mahony 
  • Mar 31, 2022
Theme by Evan Smith