Thursday, 19th May 2022
  • Latest Issue
  • Submit An Article
  • Radio
  • Advertise With Us
  • Facebook
  • Twitter
  • Home
  • Latest Issue
  • News
  • Features
    • Features
    • Editorial
  • Opinion
  • Sports
  • Gaeilge
  • Music
  • Byline
    • Fiction
    • Humour
    • Gaming
    • Film & TV
    • Fashion
    • Food
  • About
    • About
    • Editorial Team
    • Our Sections
    • Latest Issue
    • Advertise With Us
  • Write For Us
    • Apply
    • How To
    • Submit An Article
  • Sexpress
    • Ask Sexpress
    • Sexpress Magazine
  • Radio
home Byline, Gaeilge Fear nó Féar – Cén Difríocht? Stádas an Síneadh Fada in Éirinn 

Fear nó Féar – Cén Difríocht? Stádas an Síneadh Fada in Éirinn 

By Édith De Faoite   Posted in Byline Gaeilge
Posted on March 3, 2021

A Scríobhann Édith de Faoite, Eagarthóir Gaeilge 

Tharla sé ar mo chéad lá sa mheánscoil. Dúirt an múinteoir Gaeilge linn nach raibh sí chun cur suas le dímheas i dtaobh an síneadh fada. Mheabhraigh sí dúinn go bhfuil difríocht ollmhór idir ‘fear’ agus ‘féar’. Ón lá ar sin ar aghaidh, bheartaigh mé liom féin go raibh mé chun a bheith cúramach maidir leis an síneadh fada agus gan neamhaird a thabhairt dó.

Rinne mé beart de réir mo bhriathair. Mar dhuine le fada i m’ainm, ceapaim go bhfuil mé saghas goilliúnach faoi an síneadh fada mar, dar liomsa, is comhartha measa é ainm duine a rá agus a litriú i gceart. Le fada an lá, úsáidtear ainmneacha daoine mar slí chun easpa measa a  léiriú, trí iad a rá mícheart agus iad a litriú mícheart freisin. 

Ceaptar nach mbeidh an nós seo á dhéanamh ag Rialtas na hÉireann toisc an troid fhada a bhí againn sa tír seo chun aitheantas cultúrtha agus aitheantas teanga a bhaint amach. Ceaptar é sin, ach ní mar sin is atá sé. 

Gach uair a chuirim suíochán in áirithe ar Iarnród Éireann, líonaim m’ainm isteach sa bhosca cuí ar an suíomh idirlín agus, gach uair, gan teip, nuair a théim ar bord, bíonn iairiglifí doléite in áit an ‘é’ ag tús m’ainm. Níl mé chun a rá nach gcuireann sé isteach orm nuair a fheicim an manglam litreach sin thar mo shuíochán. Is comhlacht stáit é Iarnród Éireann agus tá dualgas ann chun freastal ar mhuintir na tíre agus is cuid lárnach de sin ná meas a thabhairt  d’ainmneacha na ndaoine seo. Is liosta le háireamh na comhlachtaí nach dtugann deis do  dhaoine a n-aimneacha cearta a úsáid. Tá an-chuid cáinte déanta ar an bhFeidhmeannacht  Seirbhíse Sláinte, Banc na hÉireann agus go leor eile faoi an easpa measa léirithe d’ainmneacha  Gaeilge. 

Ag deireadh an lae, léiríonn na comhlachtaí dúinn rud atá soiléir do lucht na Gaeilge – níl meas ceart sa tír seo ar an nGaeilge. Mar a dúirt an Breitheamh Hardiman, tá drogall ar Éirinn í féin a iompar mar thír dhátheangach, cé gur tír dhátheangach sinn.

Share this:

  • Click to share on Twitter (Opens in new window)
  • Click to share on Facebook (Opens in new window)
  • Click to share on Google+ (Opens in new window)
  • Click to share on Reddit (Opens in new window)

Related

Search

You Might Also Like

The Great Escape
The Great Escape
  • Mar 31, 2022
A Letter to My First Year Self
A Letter to My First Year Self
  • Mar 31, 2022
The College Experience – Sarah O Mahony 
The College Experience – Sarah O Mahony 
  • Mar 31, 2022
Apps and Healthcare
Apps and Healthcare
  • Mar 15, 2022
In Conversation with Neurodiversity Society
In Conversation with Neurodiversity Society
  • Mar 15, 2022

Recent Articles

Áras Uí Thuama – Gaeltacht na hOllscoile
Áras Uí Thuama – Gaeltacht na hOllscoile
  • Mar 31, 2022
The Great Escape
The Great Escape
  • Mar 31, 2022
A Letter to My First Year Self
A Letter to My First Year Self
  • Mar 31, 2022
Farewell Cakes 
Farewell Cakes 
  • Mar 31, 2022
The College Experience – Sarah O Mahony 
The College Experience – Sarah O Mahony 
  • Mar 31, 2022
Theme by Evan Smith