Tuesday, 9th August 2022
  • Latest Issue
  • Submit An Article
  • Radio
  • Advertise With Us
  • Facebook
  • Twitter
  • Home
  • Latest Issue
  • News
  • Features
    • Features
    • Editorial
  • Opinion
  • Sports
  • Gaeilge
  • Music
  • Byline
    • Fiction
    • Humour
    • Gaming
    • Film & TV
    • Fashion
    • Food
  • About
    • About
    • Editorial Team
    • Our Sections
    • Latest Issue
    • Advertise With Us
  • Write For Us
    • Apply
    • How To
    • Submit An Article
  • Sexpress
    • Ask Sexpress
    • Sexpress Magazine
  • Radio
home Byline, Gaeilge Fáilte go Coláiste na hOllscoile Corcaigh! 

Fáilte go Coláiste na hOllscoile Corcaigh! 

By Caitriona O Connell   Posted in Byline Gaeilge
Posted on September 16, 2021April 18, 2022

Le Caitríona O’Connell

Tá súil agam go bhfuil sceitimíní oraibh tosnú ar an ré nua den saol atá idir lámha agaibh sna chéad chúpla seachtain anseo sa choláiste. Is féidir an Ghaeilge a fheiscint, a cloisteáil agus a úsáid timpeall an champais, agus léireoidh mé na háiteanna agus áiseanna difriúla atá ar fáil trí Ghaeilge sa choláiste.  

Ionad na Gaeilge Labhartha:   

 Ba cheart duit aghaidh a thabhairt i dtosach ar an Ionad, an príomh áit le Gaeilge a chur chun cinn. Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do scoláirí ar gach leibhéal líofachta, chomh maith le ranganna gramadaí dóibh siúd go bhfuil suim acu iontu. Cuireann siad turasanna chuig an Gaeltacht ar fáil chomh maith, agus tá scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do thart ar chéad mac léinn an choláiste, ionas gur féidir leo fanacht i gCorca Dhuibhne ar feadh seachtaine. Cuirtear lóistín ar fáil agus eagraítear roinnt imeachtaí dos na mic léinn mar chuid den scoláireacht. Eagraíonn Ionad na Gaeilge Labhartha Gradam na Gaeilge do mhic léinn atá ag déanamh a ndícheall chun an Ghaeilge a chur chun cinn timpeall an choláiste.   

 An Chuallacht:  

Tá An Chuallacht mar Chumann Gaelach an choláiste  agus cuireann siad imeachtaí ar siúl do gach saghas suim agus leibhéal líofachta.  

 San am a chuaigh thart, bhíodh tráth na gceist, díospóireachtaí, ceardlanna fostaíochta, Pop-Up Gaeltacht, agus dár ndóigh na Ciorcail Chomhrá ar siúl, inar féidir labhairt go neamhfhoirmeálta le mic léinn eile trí mheán na Gaeilge, do scíth a ligint agus cairde nua a dhéanamh. Ócáid mhór san fhéilire do mhuintir na Chuallachta is ea Seachtain na Gaeilge, a bhíonn lán d’imeachtaí spreagúla agus suimiúla do Ghaeilgeoirí de gach leibhéal líofachta. Bhí an-chuid comhoibriú anuraidh leis na Cumainn Ghaelacha i gcoláistí eile timpeall na tíre, go háirithe i gCogadh na gCumann agus táimid ag súil le himeachtaí iontacha eile i mbliana!  

 Cuireadh an chéad iris le chéile go hiomlán as Gaeilge Breac, le tacaíocht ón gCuallacht, ag clúdach tuairimí agus réimse alt faoi fhaisean, chúrsaí reatha agus siamsaíochta. Glacann muintir na Chuallachta páirt i nGaeilge 24 le Conradh na Gaeilge, ina labhraítear Gaeilge amháin ar feadh an lá ar fad. Bíonn muintir na Cuallachta le cloisteáil ar Raidió Champais 98.3FM agus is iontach an rud é an Ghaeilge a chloisint díreach ó bhéal na mac léinn i gcaitheamh an lae.    

An Cumann Drámaíochta:  

 Roimh an bpaidéim, chuir an Cumann Drámaíochta drámaí ar siúl i rith na bliana. Le linn 2020 agus 2021, faraor, bhí orthu smaoineamh as an nua. Scríobhadar agus léiríodar dráma go hiomlán ar líne darbh ainm Rún Ar Zúm agus dheineadar dhá dhramaí raidió – Cruachás le Celia de Fréine agus Rogha gach Díoga  de chuid Alan Titley.  Bíonn ceardlanna eile á rith acu chomh maith i rith na bliana, le haoichainteoirí mar gheall ar gach gné den ealaín ó scríbhneoireacht go scileanna aisteoireachta. Is féidir forbairt a dhéanamh ar do chuid scileanna aisteoireachta, agus cabhair a thabhairt ar chúl an stáitse chomh maith. Scríobhann siad a gcuid drámaí féin agus is féidir an-spraoi a fháil as a bheith páirteach sa chumann spreagúil bríomhar seo.   

 Áras Uí Thuama:  

 Seo scéim lóistín do mhic léinn Choláiste na hOllscoile Corcaigh dóibh siúd a bhfuil suim acu an Ghaeilge a labhairt go laethúil. Tá Áras Uí Thuama suite in University Hall, faoi stiúir  Ionad na Gaeilge Labhartha agus tógadh é in 2006. Ainmníodh An tÁras in onóir do Sheán Ó Tuama, a bhí ina ollamh agus ina ghobharnóir ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh.   

Tá sé ar fáil d’aon mhac léinn fochéime agus “Gaeltacht na hOllscoile” a ghlaoitear air.  Tá spás do 27 mac léinn  san iomlán san Áras agus bíonn árasáin do bheirt, do thriúr nó do cheathrar ar fáil. Tugtar scoláireacht €500 do mhic léinn a chomhlíonann na coinníollacha agus a labhraíonn Gaeilge ann don bhliain acadúil ar fad agus iad ina gcónaí ann. Cuirtear mic léinn le daoine atá sa bhliain chéanna sa mhéad is gur féidir, ionas gur féidir cairde nua a dhéanamh i do bhliain féin. Cruthaítear pobal iontach Gaeilgeoirí laistigh den choláiste agus bíonn an-chraic agus an-spraoi  le baint as a bheith i do chónaí ann agus a bheith páirteach sna himeachtaí a eagraítear do mhuintir an Árais, mar shampla babhláil, tráth na gceist nó bricfeasta ar maidin le gach ball den Áras. Cruthaítear atmaisféar fáilteach taitneamhach san Áras agus déanfar cairde buana don tsaol ann.   

Mar a luaigh mé thuas, tá an-chuid áiseanna agus áiteanna chun do chuid Gaeilge a úsáid agus a chur chun cinn. Úsáid do chuid cúpla focal agus bain taitneamh as an mbliain atá romhainn! 

 

Coiméad suas linn!

Twitter: @UCC_Express

Instagram: @UCC_Express

Facebook: @UCC_Express

Share this:

  • Click to share on Twitter (Opens in new window)
  • Click to share on Facebook (Opens in new window)
  • Click to share on Google+ (Opens in new window)
  • Click to share on Reddit (Opens in new window)

Related

Search

You Might Also Like

The Great Escape
The Great Escape
  • Mar 31, 2022
A Letter to My First Year Self
A Letter to My First Year Self
  • Mar 31, 2022
The College Experience – Sarah O Mahony 
The College Experience – Sarah O Mahony 
  • Mar 31, 2022
Apps and Healthcare
Apps and Healthcare
  • Mar 15, 2022
In Conversation with Neurodiversity Society
In Conversation with Neurodiversity Society
  • Mar 15, 2022

Recent Articles

Áras Uí Thuama – Gaeltacht na hOllscoile
Áras Uí Thuama – Gaeltacht na hOllscoile
  • Mar 31, 2022
The Great Escape
The Great Escape
  • Mar 31, 2022
A Letter to My First Year Self
A Letter to My First Year Self
  • Mar 31, 2022
Farewell Cakes 
Farewell Cakes 
  • Mar 31, 2022
The College Experience – Sarah O Mahony 
The College Experience – Sarah O Mahony 
  • Mar 31, 2022
Theme by Evan Smith