home Features English – Flawed like any ‘lingua franca’ | Seán Laoighre

English – Flawed like any ‘lingua franca’ | Seán Laoighre

Tá an Bhéarla againn. Is scáth é nach féidir linn a sheachain, fiú dá bhrea liom féin é sin díreach a dhéanamh ó am go chéile. Tá go leor buntásití ag baint le ard caighdean Bhéarla a beith agat ar ndóigh– seo rud sothuigthe ag fórmhór an domhain, agus ach go háirithe ag daltaí nó oibrithe a bhfuil taithí acu ar taisteal. Ach tá teorainn le búntaistí an Bhéarla nach ndéintear a ndóthain tagairt dó, agus is í seo ár gcúmas chun sin féin a chuir in iúl dá chéile lasmuigh do na tíortha ina bhfuil Bhéarla mar príomh teanga na ndaoine.

    Admhaím go bhfuil gaol casta agam féin leis an mBéarla, ach, go háirithe tar éis bhliain a caitheamh ag stadéir i tír eile, aithním go bhfuil buntaistí an Bhéarla agam. Faoi láthair, tá luach fíor ard ag an Bhéarla, de bharr na méan chúmarsáide (BBC agus scanánn Hollywood), ról mhór Meiricea sa phólatíocht agus torthaí an réabhlóid tionsclaíochta Sásanach i measc go leor tionchar eile. De dheasca an luach seo, is minic gurbh í tríd an Bhéarla a thagann scéalta an domháin agus popchúltúir na haoise seo chugainn agus nuair is ceann dár dhá teangacha óifigúil é, tugann sé tuiscint sóléir dúinn ar cad atá inár dtimpeall ná dá bheadh na chúrsaí seo pléithe ar dtús i dteanga eile. Is lófa iad na aistríuchán Gearmanach ar scánann Mhéiricánach,  dár le  Gearmanigh a bhufil an Bhéarla líofa acu agus is féidir an brí a chailliúnt (go fíor mhinic) le áistriúchán, mar a nínseoidh aon leachtóir duit ar an chéad úrlár den ORB. Níos tabhachtaí ná na phointí thuasluaite, tugann sé búntáiste maith dúinn mar dhaoine, chun caidreamh cheart a beith againn le daoine ó tíortha éagsúile – ach ag an am chéanna, is í seo an pointe a feicimid an príomh teorainn lenár caidreamh leis an Bhéarla.

    “Everyone speaks English” – an breag is coitíonta a bhfuilim tar éis cloisint le bliain anuas. Aontaím go bhfuil póbal óllmhór de daoine le Bhéarla líofa acu (in aonacht leis an phobál cúiosach mhór a bhfuil an Bhéarla acu mar a phríomh theanga) agus go háirithe i gcótheacs an bhliain thar lear, na cúrsaí EILC nó leis an “Erasmus Programme” , faigheann tú go noibríonn an Bhéarla mar saghas teanga táinisteach ag daoine, nuair nach bhfuil teanga an ceantar acu. I mo chás féin, an chéad cúpla focail a chuala mé ó roinnt Gearmainigh san Íodáil ná “ Hey! How are you?” agus seo roimh a tuigeadar gur Éireannach mé! Tá a lán cásanna cosúil le seo cloisinte agam ó dhaoine a bhí liom thall nó sa bhFrainc nó sa Spáinn, go raibh a lán daoine (ó gach sórt tír, is na daoine áitúil comh maith, má tá airgead i gceist) a clíofadh leis an Bhéarla in ionad an teanga aitúil a úsáid, mar ba chóir. Usáidtear é seo mar fianaise don abairt thuas luaite, agus beadh sé deacair é seo a thástáil dúinn anseo, mar ar ndóigh tá na daltáí a tagann chugainn anseo chun a chuid Bhéarla a cleachta.

    Is cinnte go raibh an bhúntáiste agam ag chuir aithne ar na daoine nach raibh Íodáilis acu, mar aon le daoine a raibh sásta Íodáilis a labhairt liom, ach tagadh pointe in ngach comhrá, nuair a casadh na Gearmainigh chuige a chéile, na Fráncaigh chuige a chéile is ar uile, agus is anseo a choniceas féin an laige a bhaineann leis an Bhéarla. Níl aon gá go caithfidh daoine ón tír ceanna aontú i gconaí, ach gan dabht nuair a bhfuil an teanga ceanna agat bíonn sé níos éasca, agus (is tabhachtaí) níos nadúirthe í a labhairt agus aithne níos fearr a chuir ar a chéile tríd. Sé ceann de na cúiseanna is mó go fagann daoine, ag deireadh an bhliain thar lear, le  dlúthchairde óna gclann teangan féin. An íomha is soléire de seo ná caidreamh a bhí agam le triúr ón Frainc agus an caidreamh a bhí ag beirt ó Shasana (duine dóibh a raibh tar éis leath bhliain a caitheamh ag obair i bPáras) leis an triúr cheanna. Labhraimís in Íodáilis, nuair ab fhéidir linn, ach a luaithe is a thagadh roinnt Fraincís isteach sa cómhra, athróidh an luas agus abhár an comhrá agus bheadh doimhneacht a bhfad níos mó leis an chómhrá. De bharr go raibh Fraincis fíor mhaith ag an bheirt eile, beadh siad in ann leanúint leo sa comhrá. In ainneoin go bhfuil Fraincis cúiosach maith agam bheinn caillte is ar imeall an cómhrá go minic. Ag deireadh an lae, ní rabhas in ann a rá cén saghas aithne a bhí agam orthu, is cén saghas cairdeas a bhí agam leo i gcomparáid lena gcairdeas féinigh, nuair a raibh sé soléir go raibh a bhfad níos mó le rá acu i dteanga nár thuigeas. B’fhéidir nach eachtra é seo a titeann amach go ró-mhinic inár saolta laethúil, ach is taithí searbhasach í a beith suite i measc daoine gan an cúmas sinn féin a chuir in iúl dá chéile, agus ní hí an Bhéarla réiteach an fadhb seo i gconaí.

Ag teacht ar ais go dtí an bhréag thuas luaite, nuair a théann tú thar an teorann seo, gheobhaidh tú ócaidí nuair nach mbeidh tú in ann tú féín a chuir in iúl le daoine eile ach ar léibhéal an-bhúnúsach, nó fiú in aon chór. Seo í an chúis ba maith liom béim a chuir anseo ar an luach a bhaineann le  teangacha eile a foghlaim. Imigh lasmuigh de na cathracha móra turaséoireachta agus faigh tú nach bhfuil an Bhéarla ró flúirseach sin, nó nach bhfuil léibhéal comh ard de Bhéarla ag daoine is a beifá ag súil. Is í anseo, i gcroí na tíortha go minic, nach bheidh tú in ann fíor thuiscint a fáil ar an tír nó an cheantair no fiú dearca na daoine gan an teanga áitúil a beith agat. Fuaireas féín tuiscint a bhfad níos fearr ar dearca na ndaoine i dtreo an Íodáil, na catharacha de bhFirenze (cathair Fhlórans) Siena agus an Róimh, i measc abhar eile, ag caint leis na hÍodáiligh tríd Íodáilis ná a faighfeá ag labhairt Béarla leo.

    Tá sé ceart, dá bharr, sa lá atá inniu ann, níos mó iarracht a chuir isteach ar foghlaim teangacha eile, fáil réigh leis an leisce a mbíonn ar daoine a bhfuil Béarla mar máthair teanga acu, agus an rúaigh a chuir ar na ráiteas “Everyone speaks English” agus nach gá do cainteoirí an Bhéarla teangacha eachtarnach a foghlaim . B’fhéidir gurbh í an teanga is flúirsí ar domhain faoi láthir, ach níl ag a lán dos na cainteoirí sin ach a ndóthain Béarla chun cabhrú le gnó is turaseoirí, agus mar a léiríodh an stairí agus teangeolaí Nicholas Ostler – is leochaileach í stadús an teanga de lucht na gnó, agus go bhfuil an stair lán de “lingua franca” ón Laidin agus Phoenician (a labhradh suas go céad bhliain roimh Chríost,  thart ar an Jordan agus Lebanon), suas go dtí an Fraincís chéad fiche bhliain ó shin, a bhfuil tar éis iadú nó imeacht ar fad ón stáitse idirnáisiúnta. Ba cóir go bheadh cúpla gluain fós ag an Bhéarla ina bheidh sí comh flúirseach is a bhfuil sí inniu, ach má feictear go luaite go bhfuil níos mó luach i gceist le gnó a phlé trí, deirimis, an tSeapáinis, nó má ardaíonn an léibhéal Spáinnis a labhairtear sna Stáit Aontaithe d’fheadfach go chaillfeadh sí a stádús i measc teangacha an domhain níos easca ná a shamlóifá. Is domhan ró mhór é chun a beith geallta le clann teangan amháin, agus beimid caillte mar daoine gan ár gcúmas smaointe a roinnt is na huile abhair a phlé lena chéile.