home Gaeilge Ceardlann Fostaíochta na Cuallachta

Ceardlann Fostaíochta na Cuallachta

Le Caitríona O’Connell 

D’aon mhac léinn ollscoile, ceist a bhíonn á cur go minic ná “cad atá le teacht i ndiaidh na céime?” Más rud é go bhfuil inspioráid uait i dtaobh an réimse postanna atá ar fáil do Ghaeilgeoirí, seo cad a dúirt na haoichainteoirí ag ceardlann fostaíochta de chuid na Cuallachta le déanaí. Comhghairdeas le hAntóin Ó Trinlúin is leis an gCuallacht as an ócáid iontach a reáchtáil. Léigh leat!

 

Síomha Ní Ruairc

D’fhreastail Síomha ar Ollscoil Mhaigh Nuad, áit a bhfuair sí Céim sa Ghaeilge agus sa Cheol. D’éirigh léi post a fháil le Conradh na Gaeilge i ndiaidh di an Ollscoil a fhágaint. Tá sí ag obair leis an gConradh le 5 bliana anois agus rólanna mar Eagarthóir Sheachtain na Gaeilge, Bhliain na Gaeilge, Chlár Teicspace agus anois mar Chomhordaitheoir na nÓg aici thar na blianta. Sa ról is déanaí aici, bíonn sí ag plé le Seó Bóthair Chonradh na Gaeilge, an Comhordaitheoir Tríú Leibhéil agus ag eagrú an Chomórtais ‘Dúshlán’ atá díreach seolta don bhliain seo. Bíonn Síomha mar láithreoir ar TG4 chomh maith, post a deir sí nach bhfuair sí ach trí sheans trí chasadh le daoine i bpobal na Gaeilge. Ina theannta sin, tá Síomha mar léiritheoir ar BLOC TG4, a dheineann ábhair dos na meáin shóisialta mar chomhfhiontar idir Conradh na Gaeilge agus TG4. Bíonn BLOC ag cur ábhair ar fáil don aoisghrúpa idir 16-30 agus deir Síomha go dtaitníonn an taobh cruthaitheach den bpost léi mar bhíonn uirthi cruthaitheoirí a aimsiú, ábhair a chur i láthair agus an eagarthóireacht a dhéanamh air ionas go mbíonn ábhar snasta mealtach curtha ar fáil do Ghaeilgeoirí. Is breá le Síomha an cairdeas agus craic gur féidir a fháil i bpobal na Gaoluinne agus molann sí go mór a bheith páirteach; pé slí gur féidir. 

 

Eoin Ó Catháin 

D’fhreastail Eoin ar an nGaeltacht go rialta agus é ag fás aníos i gContae an Chláir agus ansin d’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Gaillimh chun staidéar a dhéanamh ar an nGaoluinn agus ar an bhFraincís. 

Molann sé go mór a bheith i do cheannaire i gColáistí Samhraidh sna Gaeltachtaí agus tú i do mhac léinn toisc go gcabhraíonn sé i dtaobh líofachta agus féinmhuiníne maidir leis an nGaoluinn a labhairt. Tar éis dó bliain a chaitheamh ag múineadh i Má Nuad, chuaigh Eoin go Ottowa i gCeanada leis an scéim ICUF. Tháinig sé thar nais go hÉirinn agus thug sé faoi mháistreacht sa pholaitíocht agus ansin amach leis chuig an mBruiséil agus an tAontas Eorpach. Leis an mBreatimeacht i 2016, bhí go leor tuairiscí ag teastáil agus mar a deireann Eoin féinig, bhí sé san áit cheart ag an am ceart agus thosnaigh sé ag déanamh tuairiscí do Raidió na Gaeltachta. Bhíodh trí nó ceithre thuairisc ag teastáil gach seachtain ann agus tar éis dó chúig bliana a chaitheamh sa Bhruiséil, tháinig Eoin abhaile go hÉirinn i 2021. Anois tá sé mar eagarthóir polaitíochta do Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath. Molann sé d’éinne le Gaoluinn súil a chaitheamh ar phostanna aistritheoireachta, ateangaireachta agus go leor eile sa Bhruiséil, chun taithí agus seans taistil a fháil leis an nGaoluinn.

 

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

File nótáilte is ea Ailbhe, ach deir sí gur thosnaigh sí ag scríobh i gceart nuair a d’fhreastail sí ar cheardlann scríbhneoireachta le Pádraig Ó Snodaigh nuair a bhí sí ní ba óige agus chabhraigh sé léi a leabhar filíochta Péacadh a chur le chéile. Chuir sí béim ar cé chomh cabhrach is atá sé aithne a bheith agat ar dhaoine eile i bpobal na Gaoluinne ionas gur féidir tacaíocht agus cabhair a thabhairt dá chéile. Léirigh sí go bhfuil an-chuid taitnimh le baint as an bhfilíocht ach nár cheart a bheith ag smaoineamh go mbeidh tú in ann do bheatha a shaothrú aisti! Léirigh sí na buntáistí atá le baint as Máistreacht sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, chomh maith, agus í mar léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge. Léirigh sí gurb iad na bunmhodúil An Scríbhneoireacht Acadúil, Scileanna Taighde agus Cumarsáide agus an Miontráchtas. Is iad An Fhiannaíocht, Beirt Bhanfhile, An tAistriúchán, Traidisiún na hAmhranaíochta, Filíocht Mhúscraí ón 18ú Céad anuas agus An Scríbhneoireacht Chruthaitheach na modúil roghnacha atá ar fáil. Má tá níos mó eolais ag teastáil uait faoin scéim mháistreachta sin, téigh chuig an nasc seo: https://www.ucc.ie/en/modern-irish/postgraduate/ma-taught/

 

Muireann Nic Amhlaoibh

Rugadh Muireann ar Inis Oírr agus de bharr post a hathar, bhí ar an dteaghlach bogadh go hOileán Chléire agus ansin do shocraíodar i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn Muireann go ceanúil faoina hóige sa Ghaeltacht agus gabhann sí buíochas go raibh an Ghaoluinn agus ceol i gcónaí mórthimpeall uirthi agus í ag fas aníos. Chuaigh sí ar scoil i nDún Chaoin agus sa Daingean agus ansin d’fhreastail sí ar choláiste ealaíne i mBaile Átha Cliath, áit ar dhein sí cúrsa sa mhínealaín. Chuir sí aithne ar go leor ceoltóirí éagsúla agus í ann agus thosnaigh sí ag seinnt ceoil ar fud na cathrach. I ndiaidh di an chéim a chríochnú chuaigh sí go Luimneach chun máistreacht sa cheol traidisiúnta a dhéanamh. Tar éis di an mháistreacht a chríochnú, chuaigh sí ar an mbóthar leis an mbanna ceoil Danú agus chaith sí trí bliana déag ag taisteal agus ag seinnt i gceolchoirmeacha agus ag taifeadadh ceoil leo. Nuair a tháinig a cuid leanaí ar an saol, bhog Muireann abhaile go Corca Dhuibhne agus tá sí ag tógáil a clainne trí Ghaoluinn. Bíonn sí ag cur cláracha ceoil i láthair ar TG4, le Port agus Gradam Ceoil TG4 ina measc. Is láithreoir raidió í ar Raidió na Gaeltachta chomh maith, ar na cláracha Malairt Poirt le Muireann agus An Braon Gaelach. Tá an-chuid dóchais aici i dtaobh thodhchaí na Gaoluinne agus molann sí a bheith bainteach le han-chuid rudaí trí Ghaoluinn; an líon is mó agus gur féidir agus a bheith páirteach agus mar chuid de phobal na Gaoluinne. 

Jen Chadwick 

Is taidhleoir í Jen atá ag obair i Roinn na nGnóthaí Eachtracha faoi láthair; sa státseirbhís. Dhein sí staidéar ar an nDlí agus Gnó i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus bhí sí ag staidéar lena bheith ina dlíodóir le linn 2020 agus strus nach beag uirthi. Chonaic sí an fógra don phost ar Instagram agus chuir sí isteach air is gan smaoineamh go bhfaigheadh sí é, ach tar éis 5 bhabhta agus + go leor agallamh, fuair sí an post i Márta 2021. Bíonn sí ag plé le cúrsaí idirnáisiúnta, ag iarraidh cinntiú go bhfuil polasaithe á gcur i bhfeidhm sa slí go mba chóir agus ag tabhairt cúnaimh is ag iarraidh cabhrú le daoine sa mhéid is gur féidir léi. Ta sí páirteach in Acht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, chomh maith. Is breá léi an post toisc nach mar a chéile aon dá lá agus is post fíor-shásúil é. Deireann sí gur buntáiste mór í a bheith in ann Gaoluinn a labhairt ina post féinig agus sa státseirbhís go hiomlán agus go mbeadh sí fíor-úsáideach d’éinne a bheadh ag iarraidh post a fháil san earnáil sin. 

 

Liadh Ní Riada

Thosnaigh Liadh amach mar Oifigeach Gaeilge do Shinn Féin agus de réir a chéile bhí sí mar Fheisire do Pharlaimint na hEorpa (FPE) le haghaidh Shinn Fein ó 2014 go dtí 2019. Agus í ann, bhí sí páirteach i roinnt coistí éagsúla agus chuir sí an Ghaoluinn chun cinn agus í ann, go háirithe lena stailc teanga cháiliúil nuair nár labhair sí ach Gaeilge chun stádas oifigiúil na Gaoluinne ag an am a chur chun cinn. Mar a deir sí, chuir sí an Ghaoluinn chun cinn i ngach slí is go raibh sí in ann agus í i bParlaimint na hEorpa. Chabhraigh a foireann léi é seo a bhaint amach agus Gaeilgeoirí a bhí san fhoireann go léir.  Mar sin, bhíodar in ann an Ghaoluinn a labhairt go laethúil agus an stádas ann a fheabhsú. Ó Iúil 2020, bhí Liadh mar Phleanalaí Teanga do Ghaeltacht Mhúscraí go dtí le gairid. Labhair sí go fuinniúil faoi mhuintir na Gaeltachta a spreagadh chun líon na gcainteoirí dúchais a ardú agus mar gheall ar an ról atá ag plean teanga sna Gaeltachtaí. Mar phleanálaí teanga, d’eagraigh sí imeachtaí le muintir na háite ach d’fhógair sí chomh maith an easpa deiseanna a bhí ann mar phleanálaí teanga féachaint chun cinn go fadtéarmach. Tá post nua faighte aici le déanaí mar Stiúrthóir ar Ionad Cultúrtha an Dochtúra Ó Loingsigh i mBaile Mhúirne.