home Gaeilge An Ghaeilge agus an Tuaisceart

An Ghaeilge agus an Tuaisceart

Ar an 11ú de mhí Eanáir i mbliana, leasaíodh Feidhmeannas an Tuaiscirt faoi stiúir Arlene Foster agus Michelle O’ Neill. Roimhe sin, áfach, bhí an Feidhmeannas lánscortha ar feadh trí bliana. B’í an Ghaeilge ar cheann de na cúiseanna leis an sáinn pholaitiúil seo. Dar le hArlene Foster, b’é seasmhacht Shinn Féin maidir le hAcht na Gaeilge an chúis leis an sáinn. Ní hé seo an chéad uair a raibh an Ghaeilge ina cnámh spáirne sa Tuaisceart.

Bhíodh an Ghaeilge ina príomhtheanga ar oileán na hÉireann don gcuid is mó dá stair taifeadta, an Tuaisceart san áireamh. Ansin, nuair a tháinig na Sasanaigh agus na hAlbanaigh chun Uladh a phlandáil, thosaigh meath mall na Gaeilge. Bhí iarrachtaí déanta ar an dá thaobh chun cosc a chur ar an nGaeilge – bhí an Eaglais Chaitliceach ag iarraidh aon rian don phágántacht a chur faoi chois agus rinne na Sasanaigh agus na hAlbanaigh (ba Phrotastúnaigh agus Preispitéirigh iad don chuid is mó) iarracht cultúr agus teanga Ghaelach a chloí. In éineacht le sin, mealladh na Gaeil i dtreo an Bhéarla toisc a thairbhe mar theanga idirnáisiúnta agus mar theanga trádála.

Faoin am a tharla an Críochdheighilt in Éirinn i 1921, ní raibh ach cúpla pobail Gaeltachta fágtha sa Tuaisceart. Ón am sin ar aghaidh, bhí muintir an Tuaiscirt scoilte maidir leis an nGaeilge, de ghnáth idir Aontachtaithe agus Poblachtaigh. Cheangail Aontachtaithe an Ghaeilge le Caitliceachas agus leis an ngluaiseacht phoblachtach don chuid is mó. Do roinnt Poblachtaigh, b’é fhoghlaim na Gaeilge slí chun a n-oidhreacht agus a gcultúr a chaomhnú. Don chúis sin, bunaíodh Gaeltacht bheag uirbeach ar Bhothar Seoighe i mBéal Feirste i 1969. Bheartaigh 5 chlann tithe a thógáil taobh lena chéile agus anois tá thart ar 22 chlann ina gcónaí ann. Bhunaigh tuismitheoirí ón nGaeltacht seo an chéad scoil lán-Gaeilge sa Tuaisceart i 1971. Idir 1911 agus 1991 tháinig méadú ar líon na nGaeilgeoirí ó 2% go 9% don daonra (ó 20,000 go 14,000 duine), dar leis an daonáirimh.

Bhí béim faoi leith curtha ar an nGaeilge nuair a thosaigh an idirbheartaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Bhí spéis ag an-chuid do na Poblachtaigh sa Ghaeilge mar chomhairle oidhreachta. D’fhoglaim roinnt dóibh Gaeilge agus iad sa phríosún, Gerry Adams san áireamh. Faoin gcomhaontú, aithníodh go raibh éagsúlacht teangacha sa Tuaisceart. Bunaíodh an t-Aonad Éagsúlacht Teangacha i 1999 chun éagsúlacht teangacha a thacú sa cheantar. Cuireadh de chúram orthu polasaithe a fhorbairt do phobail teangacha diffriúla agus na teangacha sin a chur chun cinn.

Sa lá atá inniu ann, tá athbheochan na Gaeilge ag tárlú sa Tuaisceart. Bunaíodh an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste i 2002. Sa Tuaisceart ina iomlán tá 29 scoil lán-Gaeilge. Chomh maith le sin tá 44 naíscoil atá ag freastal ar 1,251 dalta. Dar leis an saineolaí Máiréad Nic Craith tá an éileamh ar scoileanna lán-Gaeilge ó na seachtóidí ar aghaidh “gan fasach”. Tá suim sa Ghaeilge ag méadú i ngach pobail, ní hamháin na daoine a aithníonn mar Éireannaigh (nó Poblachtaigh nó Caitliceacigh). Diadh ar ndiadh tá borradh ag teacht ar líon na ndaoine a aithníonn mar Thuaisceartaigh agus tá spéis acu sa Ghaeilge agus í ar cheann de teangacha na háite.

Tá an Ghaeilge faoi bhláth sa Tuaisceart anois sa phobal ina iomlán, ach tá hAcht na Gaeilge fós de dhíth ag daoine. Bhí dóchas do ghníomhaithe teanga sa Tuaisceart ag tús na bliana seo, ach tá seasamh láidir i gcoinne an Achta ag an Páirtí Daonlathach Aontachtaithe. Is iad na rudaí atá ag teastáil san Acht ná: comhlachtaí poiblí trí Ghaeilge, comharthaí bóithre dá-theangach, coimisinéir teanga agus seirbhísí poiblí a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Is cosúil nach mbeidh an Acht ag teacht isteach go luath, ach is maith an scéalaí an aimsir.

Gaeilge na bhFreisear

Seo chugaibh roinnt focal agus cúpla frásaí a bheadh cabhrach agus tú ag fáil blas ar shaol na hollscoile nó dóibh siúd atá ag filleadh ar an áit!
Seachtain na bhFreisear – Freshers’ Week
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – University College Cork
Clubanna agus cumainn – Clubs and societies
Léachtlann – Lecture hall
Léachtaí ar líne – Online lectures
Cúpla pionta – A few pints
Béile scamhardach – A substantial meal

Achmhainní do Ghaeilgeoirí in UCC

An Chuallacht: Cumann Gaelach, bunaithe i 1912, chun an Ghaeilge a chur chun cinn timpeall an champais. Bíonn imeachtaí faoi leith ar siúl acu agus tá fáilte chuig éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Má tá fonn ort do Ghaeilge a choimeád suas tar éis na meanscoile, bí i do bhall don Chuallacht.
An Cumann Drámaíochta: Cumann a chuireann drámaí ar stáitse trí Ghaeilge. Oiriúnach d’éinne le bua na haisteoireachta!
An Express: Má tá suim agat in iriseoireacht trí Ghaeilge, is féidir ríomhphost a sheoladh chugam agus bheinn breá-toilteanach obair leat. Ná bí buartha faoi do chaighdeán Gaeilge, má tá suim agat, déan teangmháil liom. Tá do smaointe luachmhar!