home Gaeilge Ag Caoineadh Bás an Chaointe

Ag Caoineadh Bás an Chaointe

Tá mí Dheireadh Fómhair sroichte againn (conas a tharla sé sin?) agus, le sin, tá spooky season tosaithe. Chomh fada agus a bhfuil tú ag déanamh pleanáil ar do fheisteas le haghaidh Oíche Shamhna, tá mé chun d’aird a tharraingt ar cheann de na gnéithe
uaibhreach i stair na hÉireann – an caoineadh.

Ar an gcéad dul síos – cad é an caoineadh? Go dtí an 20ú haois déag, bhíodh an caoineadh mar chuid lárnach do dheasghnátha báis in Éirinn. Tharla sé ag an tórramh, ag an sochraid nó ag taobh na huaighe. Saghas taispeántas gutha a bhí ann, slí chun an brón agus an crá croí a cur i bhfocail. Bhíodh na daoine a raibh ag caoineadh (mná don chuid is mó) ag sianáil agus ag screadaíl i slí uaigneach. Amhráin de shaghas a bhí ann. Bhí ceird agus scil ag baint leis an gcaoineadh. Bhíodh ardmheas an na mná seo agus bhí stádas faoi leith acu sa phobal mar mhná caointe.

Sna caointe, rinneadh cur síos ar shaol agus ar bhás an duine. Bhí véarsaí áirithe úsáidte go huilíoch agus ansin chum na mná caointe véarsaí eile, ar an láthair, a bhí dírithe ar an duine a fuair bás. De ghnáth, bhí bean amháin i gceannas ar an gcaoineadh agus rinne an slua aithris uirthi.

Níl sé go hiomlán soiléir cárbh as a tháinig an traidisiúin seo, ach feictear é i roinnt cultúir timpeall na cruinne, i slite difriúla. Dar leis an saineolaí Jim Wilts, tá an caoineadh freamhaithe san Éigipt. Dar ndóigh, anois, tá an nós ceangailte le hÉireann agus an Albain
don chuid is mó.

Má tá tú i do mhac léinn na Gaeilge agus tú ag léamh an tsleachta seo, is dócha go bhfuil cloiste agat faoi Caoineadh Airt Uí Laoghaire, a bhfuil ar cheann de na píosaí litríochtaí is cáiliúla sa Ghaeilge. Chum Eibhlín Dubh caoineadh dá fear céile nuair a fuair sé bás. Sa chaoineadh seo feictear tréithe na gcaointe agus an cheardúlacht a bhain leis an nós. Tá an brón, an fearg, an frustrachas agus an grá go soiléir sa chaoineadh seo. Is eisceacht é an caoineadh go pointe mar sheánra litríochta, mar thug sé guth do mhná chun a tuairimí agus a mothúcháin a roinnt.

Tá sé aisteach go leor nach bhfuil mórán eolais ag an-chuid Éireannaigh mar gheall ar an gcaoineadh mar thraidisiúin, ach is comhairle é ar an gcosc sóisialta a rinneadh air le blianta. Tá cúpla cúis le meath an chaointe. Is í an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na príomhchúis. Bhí an phágántacht le feiceáil go soiléir sa chaoineadh – ba nós Ceiltis é ar an gcéad dul síos. Rinneadh an Eaglais forógra chun an cleachtas a stopadh. Dúirt an Eaglais nach rachadh an té go neamh muna raibh a gcuid treoirlínte sochraide leanta. Náirigh agus cháin siad na mná caointe agus na daoine a bhí ag glacadh páirte sna caointe agus d’oibrigh sé. Agus mé ag caint le mo sheanmháthair agus í fós beo, cheistigh mé í mar gheall ar an gcaoineadh. Mar chailín, bhí sí i láthair ag caoineadh agus dhiúltaigh sí caint faoi go sonrach nó é a dhéanamh dom.

Chomh maith le sin, uaireanta bhíodh ról níos tábhachtaí ag an mbean chaointe sa tórramh nó an tsochraid ná a bhíodh ag an sagart. Bhíodh an bhean chaointe ag stiúradh an ócáid agus chuir an smacht agus an cumhacht sin isteach ar an gcléir agus ar an Eaglais. Fuair na mná caointe pá nó cúiteamh freisin agus, mar sin, bhíodh siad neamhspleách – rud nach thaitin leis an gcléir mar chuaigh sé i gcoinne ról traidisiúnta na mban mar mhná tí agus mar mháithreacha.

Tá cúiseanna eile, áfach. Tá athrú suntasach tar éis teach ar shochaí na hÉireann. Le domhandú agus imirce, tá na pobail éagsúla in Éirinn ag athrú go minic. Níl daoine ag fanacht san áit chéanna dá saolta ar fad. Sna caointe, bhíodh na mná caointe ag nochtadh a
mothúcháin agus a mbrón go hoscailte agus os ard. Uaireanta ní raibh aithne ag na daoine a raibh ag caoineadh ar an té a fuair bás. Samhlaigh é sin, ag caoineadh, i slí poiblí, drámatúil, duine nach raibh aithne agat air! Tá an oscailteacht sin imithe ó mhuintir na
hÉireann agus tá an-chuid daoine drogallach a gcuid mothúcháin a thaispeáint (tá sé seo ag athrú, ar ámharaí an tsaoil).

Tháinig stop iomlán leis an gcleachtadh sna 1950s. Tá taifeadtaí ón am sin ar fáil agus is féidir éisteacht leis na mná caointe. Tá sé ráite ag saineolaí nach mná caointe ceart iad na mná sin, áfach, mar ní raibh siad ach ag déanamh aithris ar na caointe a chuala siad nuair a bhí siad óg. Deirtear go raibh an caoineadh beagnach marbh ag deireadh an 19ú haois déag. Is mór an trua, ba bhreá liom dá mbeidh grúpa mná fostaithe chun caoineadh thar mo chorp marbh!